An Turas Gaeltachta 2019

Chaith ceathrar dalta is fiche ón 6ú bliain an chéad deireadh seachtaine de Mhárta ar chúrsa Gaeltachta i gCeann Trá i gCorca Dhuibhne. D’fhágamar an scoil ar a 9 a chlog ar an Aoine agus shroicheamar ár gcéad ceann scríbe ar a leath uair tar éis a dó-dhéag - Daingean Uí Chuis! Bhí dhá uair saor againn chun bia a fháil agus chun siúl timpeall an bhaile ghleoite. Ina dhiaidh sin, chuamar go dtí an Mara Beo agus gan dabht ar bith, bhain gach éinne an-sult as! Tar éis an turais shúimiúil, ar aghaidh linn go Ceann Trá! Chuaigh leath den ghrúpa go Tigh Chaitlín agus chuaigh an bheirt againn go Tigh Bhríd. Thug siad an-aire dúinn ar feadh an deireadh seachtaine agus chuir siad fáilte is fiche romhainn - ní feidir a shéanadh ach go raibh an t-ádh dearg orainn! An oíche sin bhí céilí sa halla phobail agus d’fhoghlaimíomar scata rincí Gaelacha. Bhíomar go léir chomh tuirseach le seanchapall tar éis ár n-oíche fhada! 

An lá dar gcionn, bhí rang iontach againn ar maidin. Fuaireamar flúirse nathanna cainte deasa agus chaitheamar an mhaidin ag cleachtadh na Gaeilge. Bhain gach duine idir thaitneamh agus thairbhe as! Tar éis lóin, thosaíomar ár dturas timpeall Cinn Sléibhe is as sin go hIonad an Bhlascaoid Mhóir. Bhí na radharcanna go hálainn ar fad agus chuir sé tábhacht na mBlascaodaí i stair na tíre in iúl dúinn. An oíche sin, chuamar go dtí an balla dreapadóireachta agus b’é seo ceann de bhuacphointí an turais! Ina dhiaidh sin, d’fhilleamar ar an halla agus chanamar in ard ár gcinn is ár ngutha sa rang amhránaíochta!

 

An mhaidin dar gcionn, bhí orainn dul abhaile. Chaitheamar an deireadh seachtaine ag spalpadh na Gaeilge agus táimid cinnte gur fhoghlaimíomar scata Gaeilge! Níor theastaigh ó éinne dul abhaile ach ní raibh aon rogha againn ach dul ar ais go dtí an scrúdú beil – is baolach!!

 

Ar son na ndaltaí go léir a ndeachaigh go dtí an Ghaeltacht, ba bhreá linn buíochas a ghabháil le gach múinteoir a tháinig in éineacht linn – Ms Bennet, Ms Condon agus Mr Murphy. Chomh maith leis sin, ní bheimis ábalta dul ar thuras chun na Gaeltachta gan ár múinteoir Ms Ní Chearbhaill a d’eagraigh gach rud dúinn – mile buíochas!

Le Lucy Ní Chéilleachair agus Cathy Ní Eidhin 

 

Turas Gaeltachta.jpg
Maria Brosnan