Seachtain a Cúig: Ag caint faoin deireadh seachtaine (talking about the weekend)

An ndearna tú aon rud ag an deireadh seachtaine?

Did you do anything at the weekend?

Chuaigh mé go dtí an phictiúrlann/ an t-ionad siopadóireachta / an spórtlann / an leabharlann

I went to the cinema / the shopping centre / the gym / the library

D’fhéach mé ar scannán ghrinn/uafáis/aicsin

I watched a comedy/horror/action film

D’ith mé grán rósta / milseáin/ seacláid

I ate popcorn / sweets/ chocolate

Bhí na ticéid an-chostasach!

The tickets were very expensive!

Cheannaigh mé bróga/éadaí/leabhar/smideadh/bia

I bought shoes/clothes/books/make up/food

D’fhéach mé ar shraith nua ar Netflix darb ainm __________

I watched a new series on Netflix called __________

D’fhéach mé ar an gcluiche peile/sacair/iománaíochta/rugbaí/camógaíochta

I watched the football/soccer/hurling/rugby/camogie match

D’imir mé cluiche le mo chlub áitiúil

I played a match with my local club

Shiúil mé ar an trá le mo theaghlach/ le mo chairde

I walked on the beach with my family/friends

Rinne mé m’obair bhaile / staidéar

I did my homework / study

Thug mé cuairt ar m’aintín/m’uncail/mo chol ceathrar/mo chairde

I visited my aunt/uncle/cousin/friends

D’ith mé béile blasta sa bhialann Shíneach/Iodálach/Indiach/mhearbhia

I ate a tasty meal in the Chinese/Italian/Indian/fast food restaurant

Chuaigh mé ag traenáil / ag siúl / ag rith / ag rothaíocht / ag snámh

I went training / walking / running / cycling / swimming.

Bhuail mé le mo chairde / le mo ghaolta

I met my friends / my relatives

Ar bhain tú taitneamh as an deireadh seachtaine?

Did you enjoy the weekend?

Bhain mé an-taitneamh as an deireadh seachtaine (/Níor bhain mé…)

I enjoyed the weekend (I didn’t…)

Gaeilge.jpg
Maria Brosnan